RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Leascheannaire nua ar Raidió na Gaeltachta

Tá sé fógraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Rónán Mac Con Iomaire ceaptha ina Leascheannaire ar an tseirbhís.

As an gCeathrú Rua do Rónán, agus tá breis agus cúig bliana déag caite aige ag obair leis na meáin chumarsáide. Chuaigh sé i mbun oibre le TG4 i 1996 nuair a bunaíodh an stáisiún. Ina dhiaidh sin chaith sé sealanna i mbun iriseoireachta le Independent Newspapers, ag soláthar ábhar ar bhonn saor iriseoireacht do leithéidí an Irish Times, Magill agus an BBC, agus mar chomhfhreagraí Bhaile Átha Cliath don nuachtán Foinse. Sa bhliain 2002 d'fhill sé ar Nuacht TG4, áit a bhfuil sé ag obair ó shin agus ceapadh é ina Chomhfhreagraí Rialtas Áitiúil le Nuacht RTÉ/TG4 i 2007. Tá cónaí air ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe, áit a bhfuil sé pósta agus beirt chlainne air.

Chuir Edel Ní Chuireáin fáilte roimh an gceapachán agus ghuí sí gach rath ar Rónán ina ról nua. Beidh sé ag dul i mbun dualgais le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tús mhí na Nollag.

Rónán Mac Con Iomaire has been appointed Leascheannaire, Deputy Head, of RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán is from An Cheathrú Rua in Connemara, and has spent more than 15 years working in the media. He started working with TG4 in 1996 when the station was launched. He subsequently spent time working as a journalist with Independent Newspapers, he spent periods working as Dublin correspondent for the newspaper Foinse, and as a freelance journalist contributing to the Irish Times, Magill and the BBC. In 2002 he returned to work in the TG4 newsroom, and in 2007 he was appointed Local Government correspondent with Nuacht RTÉ/TG4. He lives in An Cheathrú Rua and is married with two children.

Edel Ní Chuireáin, Ceannaire of Raidió na Gaeltachta, welcomed his appointment and wished him the best in this senior role with RTÉ Raidió na Gaeltachta. Rónán will begin in the role of Leascheannaire in early December.