RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Lá Fhéile Mhic Dara 16 Iúil

Is é Déardaoin 16 Iúil Féile Mhic Dara, agus craolfar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó chéibh an Mhása i gCarna an mhaidin sin, áit a mbeidh daoine ag fanacht le dul isteach ar Oileán Mhic Dara. Ba sa Seachtú hAois a thóg Naomh Mac Dara teampall ar an oileán amach ón Más, agus is é an nós atá ag bádóirí an cheantair na seoltaí a ísliú trí huaire agus iad ag dul thar an oileán in ómós don naomh. Gach bliain tugann úinéirí báid agus iascairí an cheantair na céadta duine isteach ar an oileán ar 16 Iúil, áit a léifear an t-aifreann ag meánlae. Ansin, san iarnóin bíonn rásaí currachaí agus báid seoil ann, chomh maith le neart ceoil. Beidh SBB thíos ag céibh an Mhása Déardaoin agus é ag caint le lucht báid, leo siúd atá ag dul isteach ar an oileán, agus le ceoltóirí agus amhránaithe, faoin bhféile bhliantúil seo.

RTÉ Raidió na Gaeltachta will be broadcasting live from Mace Pier in Carna on Thursday 16 July, the feast day of St. Mac Dara, patron saint of Carna in Connemara. Each year on his feast day hundreds make the pilgrimage to the island where mass is celebrated at midday and this is followed in the afternoon by music at Mace pier, as well as currach races and the All-Ireland Galway hooker Championship Regatta. RTÉ Raidió na Gaeltachta's Iris Aniar programme will be broadcast live from the pier from 9.15 a.m., where Seán Bán Breathnach will be speaking to local boatmen, people travelling out to the island, musicians and singers about this unique Connemara festival.