RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Lá an Chomhairimh

Dé Sathairn 26 Feabhra / Sat 26 Feb
10 am

Dé Domhnaigh 27 Feabhra / Sun 27 Feb
10 am

Dé Sathairn 26 Feabhra a dhéanfar na vótaí a caitheadh san olltoghchán a chomhaireamh, agus beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer ó mhoch maidine go deireanach istoíche agus iad ag coinneáil súil ghéar ar na torthaí a bheidh á bhfógairt i gcaitheamh an lae, agus ar na himpleachtaí a bheidh acu don tír.

Beidh paineál aíonna sa stiúideo i gCasla, faoi chathaoirleacht Ghormfhlaith Ní Thuairisg agus Mháirín Ní Ghadhra agus beidh tuairisceoirí in ionaid chomhairimh ar fud na tíre.

Ar na haíonna a bheidh ar an bpainéal beidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an t-iriseoir polaitíochta Áine Ní Chiaráin, an t-iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain FF, iar Uachtarán ar SIPTU agus ball be Choimisiúin an Bhainc Cheannais Des Geraghty, iar Ardrúnaí an INTO John Carr, an léachtóir Donncha Ó hÉallaithe, agus t-iriseoir Seán Ó Tuairisg.

On Saturday 26 February RTÉ Raidió na Gaeltachta will be on air from early morning until late into the night, keeping an eye on the results of the election as the votes are counted.

There will be reporters in count centres throughout the country, and Gormfhlaith Ní Thuairisg and Máirín Ní Ghadhra will chair a panel in studio who will assess and discuss the results throughout the day.

The panellists today will include Professor Gearóid Ó Tuathaigh, political journalist Áine Ní Chiaráin, former MEP Seán Ó Neachtain FF, former President of SIPTU and member of Central Bank Commission Des Geraghty, former INTO General Secretary John Carr, lecturer Donncha Ó hÉallaithe, and journalist Seán Ó Tuairisg.