RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Seosamh Ó hÉanaí
©Gael-Linn
Beidh trí chlár speisialta le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an bhfonnadóir cáiliúil Seosamh Ó hÉanaigh nó Joe Éinniú chun chúig bhliana fichead a bháis cothrom an ama seo a chomóradh.
Déardaoin 30 Aibreán
Ardtráthnóna 2.04 i.n. Éist leis an gclár anseo/Listen here
Lán a'Mhála 7.00 i.n. Éist leis an gclár anseo/Listen here
Dé hAoine 1 Bealtaine
SBB Aniar 9.15 r.n. Éist leis an gclár anseo/Listen here
Déardain 30 Aibreán beidh agallamh ag Máirtín Tom Sheáinín le Máire Nic Fhinn ar Ardtráthnóna ag 2.04 i.n. Bhí Máire Nic Fhinn an-mhór le Joe Éinniú, agus labharfaidh sí le Máirtín faoi na cuimhní cinn atá aici air.
Beidh eagrán speisialta de Lán a'Mhála curtha i dtoll a chéile ag Meaití Jó Shéamuis ar Sheosamh Ó hÉanaí an tráthnóna sin. Beidh roinnt de na hamhráin Ghaeilge is mó a tharraing aird an phobail lena linn chomh maith le rogha de thaifid fhairsinge eile nach gcloistear ach go hannamh ar na saolta seo le cloisteáil ar an gclár.
Dé hAoine 1 Bealtaine, beidh SBB Aniar ag teacht ó bhaile Charna i gConamara, áit a mbeidh Féile Joe Éinniú ar siúl ag an deireadh seachtaine.
Sean-nós singer Seosamh Ó hÉanaigh, or Joe Heaney, died 25 years ago on 1 May. To commemorate this great singer, RTÉ Raidió na Gaeltachta will broadcast 3 special programmes. On Thursday 30 April, Máirtín Tom Sheáinín will interview Máire Nic Fhinn, a close friend of Joe's, about her memories of the great singer on Ardtráthnóna. In the evening there will be a special edition of Lán a'Mhála, presented by Meaití Jó Shéamuis, featuring rare recordings of the singer. On Friday 1 May SBB Aniar will be broadcast from Carna in Connemara, where Joe was born and raised and where the Joe Heaney festival, Féile Joe Éinniú, takes place this weekend.
Seosamh Ó hÉanaí
Rugadh Seosamh Ó hÉanaigh (Joe Éinniú) san Aird Thoir, Carna, sa mbliain 1919. Cothram an ama seo, 25 bliain ó shin, i 1984 a fuair sé bás i Seattle, Mheiriceá.
Bhí suim i gcónaí ag Joe sna hamhráin agus sa gcultúr. D'fhoghlaim sé cuid mhaith amhráin óna athair Pádraic, óna ghaol Colm Ó Caodháin agus ó mhuintir an bhaile.
Bhuach sé duaiseanna Oireachtais, agus chuir sé a chuid amhrán i láthair ar stáitsí na hÉireann agus na Breataine sna caogaidí agus sna seascaidí. Ba mhinic é ar stáitse le hamhránaithe agus ceoltóirí ar nós Ewan McColl agus Peggy Seeger.
Chuir sé aithne ar na Dubliners i mBleá Cliath, agus go deimhin is é Joe a thug an t-amhrán " Seven Drunken Nights" don ghrúpa, amhrán a bhain cliú agus cáil idirnáisiúnta amach dóibh. Is óna athair a fuair Joe an t-amhrán sin. Ní raibh suim ag Joe tionlacan ceoil a chur lena chuid amhrán. Bhí sé an-dílis do stíl an tsean-nóis agus do na hamhráin traidisiúnta Béarla freisin. Ní raibh an oiread sin tóir ar an stíl amhránaíochta seo sna laethanta sin, agus bhí sé deacair slí mhaireachtála a bhaint as a cheird. Mar sin fhéin, rinne sé ceirníní don chomhlucht Topic agus fuair sé tacaíocht mhaith ó Ghael Linn chun a chuid amhrán a chur os comhair an phobail.
I lár na seascaidí chuaigh sé chun cónaithe i Meiriceá, áit ar ghlac sé páirt i gceolchoirmeacha le lucht ceoil tíre agus traidisiúnta na hÉireann agus Mheiriceá. Bhí sé ar stáitse ag Féile Newport, maraon le leithéidí na Clancy Brothers agus Bob Dylan, agus chuir sé a chuid amhrán i láthair ag ceolchoirmeacha ar fud na Stáit Aontaithe. Fuair sé post teagaisc in Ollscoil Wesleyan i Connecticut. Sa mbliain 1982, bhí sé ar an dhuine den chéad dream gur bronnadh duais " National Endowment for the Arts" orthu, duais a bhronntar ar dhaoine a chuireann saol cultúrtha Mheiriceá chun cinn!
Tháinig sé abhaile ó am go chéile chun páirt a ghlacadh i gceolchoirmeacha agus chun cuairt a thabhairt ar a chairde, ach is i Meiriceá a chaith sé an chuid eile dá shaol.
Chaith sé na blianta deireanacha dá shaol ag teagasc in Ollscoil Seattle, áit a fuair sé bás sa mbliain 1984.
Seán Ó hÉanaigh Aibreán 2009
Tá beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta, agus tá dlúthdhiosca leis an leabhar a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta i dtoll a chéile.
Tuilleadh eolais faoin leabhar anseo.
Joe Heaney's biography has been published by Cló Iar-Chonnachta, and the book comes with a CD drawn from RTÉ Raidió na Gaeltachta recordings, see here for further information.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






