Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 9 Samhain 2017

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

An Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnacha.

Ní amháin go gcuirfear an dlí anois ar thiománaithe atá ag foghlaim, agus a bhíonn ag tiomáint gan duine in éineacht leo sa gcarr a bhfui ceadúnas iomlán tiomána acu, ach cuirfear an dlí anois ar úinéara an chairr chomh maith céanna. Sin de réir moltaí a chuir an tAire Iompair Shane Ross chun cinn agus atá ceadaithe anois ag an Rialtas.

Máirtín Ó Conghaile, Bainisteoir Choiste Tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Tá sé ráite ag an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara nach gcaithfidh Gaeilge a bheith ag duine a cheapfar i bpost mar oibrí ginearálta ag calafort Ros a' Mhíl, de réir rialacha earcaithe na Roinne.

Evan Ó Gríofa, as Poll Uí Mhuirinn.

D'éirigh le Evan a fuair an dara háit sa gcomórtas amhránaíochta idir chúig bhliana déag agus ocht mbliana déag d'aois ag an Oireachtas.

Liadán Canny agus Bróna Ní Cheallacháin.

Liadán Canny as na hAille agus Bróna Ní Cheallacháin as an gCré Dhubh ag déanamh an lúibín 'Casaoid na nDéagóirí'. Bhain siad amach an chéad áit idir chúig bhliana déag agus ocht mbliana déag ag Oireachtas na Samhna.

Micheál Ó Maoláin, ó Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc.

Beidh sé bliain ó Dé hAoine seo chugainn ó d'oscail an Taoiseach Enda Kenny Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc. Chuir Micheál síos ar imeachtaí na hoíche agus chuir sé síos ar chomh maith agus atá ag éirigh leis an Ionad.

Caoimhe Ní Chuinn agus Kayla Schmidt.

Fuair siad an dara háit san agallamh beirte faoi dhá bhliain déag ag an Oireachtas leis ''An tOifigeach agus Paisinéir Ryanair''.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer:  Cáit de Bhailís

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís