Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 6 Samhain 2017

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Cóilín Ó Neachtain, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá foireann Chumann Lúthchleas Gael Charna/Caiseal tar éis seachtain a chaitheamh i mBostún Mheiriceá. Labhair Cóilín Ó Neachtain le Micheál Ó Cadhain as Cill Chiaráin, Noel Ó Guairim as Carna, Ned Sheáin Dharach as Seanachamheas & Séamus Choilimín Chuinn as Tír an Fhia.

Danielle Ní Fhlatharta, Fionnán Ó Coisdealbha agus Lorcán Ó Curraoin.

Fuair Danielle an chéad duais sa gcomórtas aithriseoireacht faoi naoi mbliana ag Oireachtas na Samhna. Fuair Fionnán an chéad duais sa gcomórtas aithriseoireacht idir 9 mbliana & dhá bhliain déag. Fuair Lorcán an dara duais sa gcomórtas aithriseoireacht faoi naoi mbliana.

Marcus agus Cóil Mac Con Iomaire.

Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agallamh beirte faoi dhá bhliain déag. 'An Hijack' an t-ainm atá ar an agallamh beirte.

Emma Ní Churraoin, as na Minna, Indreabhán.

Fuair Emma an chéad duais sa gcomórtas amhránaíocht ar an sean-nós faoi naoi mbliana ag Oireachtas na Samhna.

Liadan Canny agus Aifric Ní Ghibne.

Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agallamh beirte idir chúig bhliana déag agus ocht mbliana déag. 'Is Aoibhinn Beatha an Scoláire' an t-ainm atá ar an agallamh beirte.

Róise Ní Dhonnacha, as an Tuairín.

Fuair Róise an dara háit sa gcomórtas amhránaíocht ar an sean-nós faoi naoi mbliana.

Ciara Nic Dhonnacha agus Máire Nic Dhonnacha.

Fuair Ciara agus Máire an dara háit sa gcomórtas agallamh beirte idir chúig bhliana déag agus ocht mbliana déag. 'Bain díot é' an t-ainm atá ar an agallamh beirte.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer:  Cáit de Bhailís

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís