Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 6 Deireadh Fómhair 2017

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Pádraig de Bhaldraithe, saineolaí ar chúrsaí mara.

Tá sé ráite go bhfuil dochar déanta le gairid ag smugairlí rón don iasc atá i dtrí cinn de na feilimeacha bradán in Iarthar na hÉireann.

Ciabhán Ó Murchú, as Baile na mBrabhach.

Is píolóta é Ciabhán Ó Murchú agus tá sé ag cur faoi anois i mBarcelona. Tháinig sé isteach ar cuairt againn inné agus chuir sé síos ar an suim a bhí aige sa gcineál sin oibre agus chomh deacair agus atá sé post a fháil mar phíolóta.

Peadar Ó Loideáin ó Chumann Rugbaí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua.

Tá Cumann Rugbaí na hÉireann ag iarraidh ar an lucht féachana fanacht ciúin ar an taobh líne le linn cluichí rugbaí do dhaoine óga an deireadh seachtaine seo.

Micheál Ó hEidhin, ón Eagraíocht Náisiúnta Shábháilteacht na hÉireann nó NISO.

Reáchtáilfaidh Eagraíocht Náisiúnta Shábháilteacht na hÉireann a gcomhdháil bhliantiúil in Óstán an Raddison Blue i nGaillimh Dé hAoine seo chugainn.

Tomás Mac Seáin, as Acaill.

Beidh Taispeántas Caorach Acla ar bun ansin Dé Domhnaigh agus cuirfear tús leis an bhféile 'Ballaí ag Caint' , a leanfaidh ar aghaidh ar feadh seachtaine. Chuir Tomás síos ar na himeachtaí a bheas ar siúl.

Peadar Tóibín, Teachta Dála.

Tá an Teachta Peadar Tóibín agus an seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag dul ar camhchuairt chuig na ceantair Ghaeltachta faoi láthair agus iad ag iarraidh fháil amach céard atá ag déanamh imní do na daoine agus an cúnamh is féidir a thabhairt dhóibh leis an gceantar a chur chun cinn.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer:  Cáit de Bhailís

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís