Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair 2017

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

Tá ocht gcinn do thithe sóisialta i Ros a' Mhíl faoi úinéireacht Thearmann Éanna ar an Tulach anois. Tá sé i gceist iad a chóiriú do dhaoine aosta i gceantar Chonamara.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

Beidh cruinniú inniu ag an Aire Sláinte Simon Harris le lucht bainistíochta Ospidéal Pháirc Mheirlinne agus leis na dochtúirí comhairleacha a bhíonn ag plé le cúrsaí cnámha san Ospidéal sin.

Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir Sraithe Ros na Rún.

Beidh siopa nua leis an mbranda XL le feiceáil ar seit Ros na Rún as seo amach agus is é Vince a bheidh i bhfeighil an tsiopa nua. Tá conradh nua urraíochta sínithe ag TG4 leis an gcomhlacht BWG, ar leo an branda XL.

Bríd Ní Mhaoileoin, as Maigh Cuilinn.

Tugadh Corn Liam Mhic Cárthaigh chomh fada le Páirc Mhaigh Cuilinn tráthnóna inné. Thug roinnt do na himreoirí an corn go dtí na scoileanna sula ndeachaigh siad ag an bpáirc.

Ciarán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin.

Seolfaidh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Éigse Dara Beag go hoifigiúil in Inis Meáin Dé hAoine seo chugainn.

Jude Ní Chonghaile agus Katie Ní Chualáin.

Tá madra beag 'Marlaí' ag cur faoi in Áras Chois Fharraige le roinnt míosa anois chomh maith le cearca, lachain, gabhair agus sicíní a bheith ann freisin.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer:  Cáit de Bhailís

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís