Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair 2017

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Kevin Mhaidhc Ó Conghaile, Feirmeoir agus Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Tá sé ráite ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil sé ag iarraidh ar an Aire Talmhaíochta athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras cigireachta a bhíonn siad a dhéanamh ar fhéilimeacha. Chuir Kevin Mhaidhc síos ar an gcaoi a bhfuil an córas cigireachta ag obair faoi láthair.

Síle Nic Con Iomaire, Príomhoide Scoil Cholmcille, Ros a'Mhíl.

Tá scoil náisiúnta Cholm Cille i Ros a'Mhíl páirteach i scéim atá á reachtáil ag ollmhargadh Tesco, le hairgead a bhailiú don scoil.

Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge.

Beidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh céad fiche cúig bliain ar an bhfód an chéad bhliain eile, agus inniu tá siad ag bronnadh ábhar cartlainne a bhaineann le tréimhse os cionn céad bliain ó shin ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Lochlann Ó Tuairisg, ó Chumann Béaloidis Chonamara.

Tá Cumann Béaloidis Chonamara ag cur tús anocht le léachtaí an chumainn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Tá an Cumann deich mbliana fichead ar an bhfód i mbliana.

Antaine Toto Ó Gríofa as Tír an Fhia.

D'éirigh le Antaine Ó Gríofa as Tír an Fhia agus Tomás Ó Tuathail as Leitir Mealláin, dhá chraobh a thabhairt leo ó Chorn Dornálaíochta na gCeilteach a bhí ar bun i nDún Garbhán ag an deireadh seachtaine.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer:  Cáit de Bhailís

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís