Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 28 Lúnasa 2014

Éist anois

Bertie Ó Flatharta, Ceannaitheoir Éisc i gComhlacht Iasc Mara.

Is beag an mhaith cuótaí ronnach a bheith suas le 40% níos airde a bheith ar fáil d'iascairí sa taobh tíre seo agus in Éirinn trí chéile nuair nach mbeidh i gceist ach slad a dhéanamh ar an stoc ronnach, atá gann go maith mar atá sé, a dúirt Bertie Ó Flatharta.
Éist anois

Máire Uí Eidhin.

Tá tús á chur leis an téarma nua scoile an tseachtain seo chugainn agus cuid do na bunscoileanna ar ais amárach, agus gasúir óga ag tosaigh ar scoil don chéad uair. Thug Máire leidí dúinn faoi cén chaoi le lón scoile folláin, éagsúil agus a thaitneoidh leis na gasúir a réiteach.
Éist anois

Seán Ó Cadhain, Cathaoirleach Coiste Rásaí Ros a Mhíl & Marie Ní Chonghaile, Rúnaí Coiste Rásaí Ros a Mhíl.

Ag cur síos ar Fhéile Curachaí Ros a Mhíl a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Éist anois

Anne McCabe, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce.

Tá tús á chur ag an Taibhdhearc anocht le Scannán ar Stáitse agus chuile Déardaoin i rith an Fhómhair beidh togha na scannáin le feiceáil agus iad ag ceiliúradh cultúr agus litríocht na Gaeilge.
Éist anois

Ruairí Ó Néill, Ealaíontóir.

Beidh taispeántas Ealaíne dár teideal 'Ón Dorchadas go dtí an Solas' leis an ealaíontóir Ruairí Ó Néill i Leabharlann na Ceathrún Rua tráthnóna anocht ag 6.30i.n.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal