Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 18 Lúnasa 2014

Éist anois

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla ag Máirín Nic Con Iomaire.

Éist anois

Pádraig Ó hUiginn, chlárbhainisteoir cumarsáide ar ionad dárbh ainm An tIonad Teicneolaíochta do Bhithscagadh & Bhithfhuinneamh in OÉG.

Cuireann an áisíneacht comhairle agus cúnamh teicneolaíochta ar fáil do suas le fiche comhlacht atá ag plé le réimsí éagsúla den fhuinneamh glas, ina mbaintear gás nádúrtha nó glas as ábhar cosúil le bruscar tí agus sciodar feirme.

Éist anois

Frank Conroy, Ceantálaí.

Tá an praghas atá ar thithe ag cothú cuid mhaith cainte i ngach ceard den tír le tamall agus é follasach go bhfuil ganntanas tithíochta ar fud na tíre agus na praghasanna ag dul in airde dá réir.

Éist anois

Nóirín Walsh, as Doirín Darach ó dhúchas. Máthair Rós Philadelphia & Séamus Ó Fátharta, as an Tuairín.

Tá Maria Walsh tagtha anall as Philadelphia Mheiriceá leis an bhfód a sheasamh dóibh thall ansin, agus ar ndóigh an fód a sheasamh do cheantar na nOileáin. Tá Séamus ar dhuine de na fir cuideachta ag an gcomórtas agus chuir sé síos ar a bhfuil le déanamh acu go dtí seo sa gcomórtas agus an spórt agus an spraoi atá acu.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal