Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 7 Lúnasa 2014

Éist anois

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla ag Peadar Ó Cúláin

Éist anois

Neansaí Ní Choisdealbha, eagraí ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá dlúthdhiosca nua (Draíocht na Feadóige) ar an margadh ag Neansaí le cúpla lá agus beidh sí dhá sheoladh ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach. Tá Gradam Bardic-Ceannródaithe dhá bhronnadh ar Neansaí chomh maith ag Fleadh Cheoil na hÉireann de bharr a cumas sa gceol agus a bhfuil déanta aice lena shaothrú.

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Tá suíomh nua idirlín curtha le chéile ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus tá sé i gceist an suíomh a úsáid leis an bpobal a choinneáil ar an eolas faoin obair atá ar bun ag an gCumann Forbartha.

Éist anois

Jimmy Reaney, ó choiste Fhéile na nOileán.

Tá Féile na nOileán ar siúl an deireadh seachtaine seo agus imeachtaí go leor le bheith ar siúl lena linn. Chuir Jimmy síos ar na himeachtaí agus na hócáidí ar fad.

Éist anois

Mick Brogan, duine de choiste eagraithe Chruinniú na mBád & Bríd Seoighe, ó choiste an chomórtas ''An tAmhrán Beo''.

Cuirfear tús le Cruinniú na mBád i gCinn Mhara tráthnóna amárach, féile atá ar bun le sé bliana déag agus fiche agus atá ag dul ó neart go neart. Beidh an comórtas ''An tAmhrán Beo'' ar siúl i Halla Johnston, i gCinn Mhara oíche Dé Sathairn agus amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí go leor ag glacadh páirt.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal