Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 5 Lúnasa 2014

Éist anois

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla ag Peadar Ó Cúláin

Éist anois

Liam Ó Maoladha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Beidh tuilleadh dualgas le cur ar an eagraíocht Oireachtas na Gaeilge mar chuid den athstruchtúrú a rinne Foras na Gaeilge ar na heagraíochtaí Gaeilge. Tá postanna nua le cruthú de bharr na n-athruithe sin.

Éist anois

Marian Ní Chonghaile, damhsóir & Eoghan Ó Ceannabháin, ón mBanna Ceoil ''Skipper's Alley''.

Tá an Féile Idir-Cheilteach Lorient faoi lánseol ón Aoine seo caite sa mBriotáin agus tá ceiliúradh ar leith á dhéanamh ar Éirinn ag féile na bliana seo. Is é seo an séú bliain ag Marian thall ag an bhféile agus ceardlanna damhsa ar an sean-nós ar siúl aice ann. Bhí Ceolchoirm ag an mbanna ceoil Skipper's Alley ansin aréir.

Éist anois

Máirín Bhreathnach, pleanálaí bainise; Deborah Ní Mhárta & Amanda Ní Ghríofa, atá ag obair in Ionad Gruagaireacht Síoda.

Bhí Máirín ag tabhairt leideanna inniu faoi céard ba cheart do lánúin a bheadh ag pósadh a dhéanamh nuair a bheadh siad ag fáil grianghrafadóir don lá mór. Fuair 'Síoda' sa Spidéal gradam le gairid faoi chomh maith agus atá an t-ionad áilleachta agus grugaireachta.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal