Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 21 Iúil 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Bríd Davis, a bhí ar thoscaireacht as Inis Nia le gairid.

Chas toscaireacht ó cheantar Chloch na Rón le gairid le comhairleoirí ag cruinniú cheantar bardasach Chomhairle Contae na Gaillimhe lena míshásamh a léiriú faoi chomh dona is atá cúrsaí séarachais ina gceantar.

Éist anois

Pacáiste ón bhFaiche Mhór i nGaillimh agus seisear ag dul go dtí an Mhongóil ar mhaithe le Fiobróis Chisteach.

Tá seisear arb as ceantar Dhúiche Sheoigheach a bhfurmhór, ag dul go dtí an Mhongóil i dhá sheancharr den déanamh Nissan Micra ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chumann Fiobróse Cistí na Gaillimhe.

Éist anois

Jó Ní Chéide & Ann Marie Nic Oirbheard.

Bhí an bheirt istigh aréir ag coirm cheoil de chuid Na Waterboys san ollphuball i nGaillimh agus rinne siad cur síos ar an oíche agus labhair Jó le roinnt dá raibh i láthair.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal