Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 17 Iúil 2014

Éist anois

Micheál Ó Goill, Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann.

Ní bheidh aon tseirbhís bád farrantóireachta go hInis Mór ón gcéad lá de mhí na Samhna go hEarrach seo chugainn.

Éist anois

Tomás Ó hÉineacháin, Cathaoirleach Choiste Pobail Thuar Mhic Éadaigh.

Údar náire é, a deir Tomás, go bhfuil Aire stáit Gaeltachta gan aon Ghaeilge cheart ceaptha ag Taoiseach na tíre.

Éist anois

Máire "Bhidda" Ní Mháille, ó Ionad na nAosach i gCeantar na nOileán.

Ag cur síos ar an obair iontach atá á déanamh ar mhaithe le daoine atá amach sna blianta i gCeantar na nOileán agus léirigh sí a díomá go gcuirfí as don tseirbhís iompair "Bealach".

Éist anois

Learaí Ó Feinneadha, File.

Píosa filíochta ó Learaí i gcuimhne ar Cholm de Bhailís .

Éist anois

Máirtín Tom Sheáinín.

Ag cur síos ar Fhéile Choilm de Bhailís atá ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal