Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 14 Iúil 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Peigí Uí Mhaoileoin, urlabhraí ó Shiopa an Phobail.

Tá úinéireacht glactha ag Pat Joyce ar Shiopa an Phobail ón tseachtain seo caite agus fostaíocht an dá scór atá ag obair ansin níos seasmhaí dá bharr sin.

Éist anois

Liam Ó Cualáin. Úinéir an chomhlachta, Socos.

Tá Liam den tuairim gur cheart éirí as a bheith ag caint ar chúrsa nua don bhóthar R336, sin nó cúrsa agus am cinnte a leagan amach dó mar go bhfuil sé ag cur as do chúrsaí oibre sa cheantar.

Éist anois

Pádraig Ó Ceoinín.

Tá díomá ar Phádraig agus ar dhaoine áitiúla eile faoi chomh fada is atá sé ag tógáil ar Chomhairle Contae na Gaillimhe céibh Bhéal Carra i gCarna a chóiriú.

Éist anois

Brian Mac Aonghusa, údar an leabhair "Traenacha in Éirinn".

Insíonn an leabhar seo stair an iarnróid ó thús aimsire in Éirinn agus tá cur síos ann ar chuid de na taismí traenach a tharla freisin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal