Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 9 Iúil 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

An seanadór Trevor Ó Clochartaigh.

Rinneadh plé chuimsitheach inné ag Comhchoiste Oireachtais faoi chúrsaí bainte feamainne.

Éist anois

An comhairleoir contae, Seosamh Ó Cualáin agus Beartla Ó Feinneadha.

An Roinn Talmhaíochta ar thóir conraitheoirí le 12,000 broc a chur den tsaol. Eitinn tolgtha ag beithígh Sheosaimh. Beartla den tuairim nár cheart na broic a mharú.

Éist anois

Julianne Ní Chonchobhair agus Muireann Ní Dhroighneáin.

Tá post páirtaimseartha ar chonradh fógartha ag Cló-Iarchonnacht d'áisitheoir léitheoireachta don togra LÉIM ar mhaithe le léamh na Gaeilge a spreagadh.

Éist anois

Tomás Ó Neachtain & scoláirí ón gcampa samhraidh ar an gCeathrú Rua.

Tomás Ó Neachtain, riarthóir an champa samhraidh cumarsáide ar an gCeathrú Rua a d'eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta. Ina chuideachta bhí Aisling Ní Choiligh, Criostóir Ó Conghaile agus Sibéal Ní Chasaide.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal