Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 3 Iúil 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla le Peadar Ó Cúláin

Éist anois

Cormac Ó Murchú, saineolaí teicneolaíochta.

Déanfar leas ó thaobh an bhanda leathan do thart ar leathmhilliún áitreamh i gcaoga baile timpeall na tíre, i bhfianaise an chomhaontaithe a síníodh inné idir na comhlachtaí Vodafone agus Bord Soláthar an Leictreachais. Meas tú i ndéanfaidh sé aon leas amuigh faoin tír?

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, Colúnaí.

Ag cur síos ar shaol Sheáin Mhic Giollarnáth agus tá sé ag léamh píosa eile dá shaothar as an leabhar ''Cúdar''.

Éist anois

Gearóid Welby, ball de choiste Comóradh Bheartla Mór Breathnach.

Beidh lá spóirt ar Pháirc Chamais i gcomóradh Bheartla Mór Breathnach Dé Domhnaigh seo chugainn.

Éist anois

Patrick Steven Ó Flaithearta, ó Mhuintearas; Peadar Ó Tighearnaigh, tógálaí & Pádraic Ó Súilleabháin, as Cuan na Loinge.

Tá deireadh tagtha le cúrsa scileanna tógála a bhí á rith ag an gcomhlacht oiliúna Muintearas le trí seachtaine déag.

Éist anois

Colman Ó Flatharta, traenálaí Chlub Dornálaíochta Chonamara.

Bhí babhtaí maith dornálaíocht ag dornálaithe óga idir fhir agus mhná ó Chlub Dornálaíochta agus Aclaíochta Chonamara i mBoston, Mheiriceá tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite nuair a ghlac siad páirt i gcomórtas idir iad féin agus dornálaithe óga Bhoston ag ócáid a bhí ar siúl i City Hall.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Classical Grass
    Cumadóir: Trad Arr O'Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Albaim: Myriad Media, MMCD001
    Faid: 3:01

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal