Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 2 Iúil 2014

Éist anois

Nioclás Ó Conchubhair, ball de choiste tacaíochta chéibh Ros a'Mhíl.

Chuala muid inné go raibh moladh le cur os comhair na Comhairle Cathrach i nGaillimh go dtiocfaí ar chomhréiteach idir an Chomhairle Cathrach agus an Chomhairle Contae a dhéanfadh leas do chalafoirt na Gaillimhe agus calafort Ros a'Mhíl.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla le Peadar Ó Cúláin

Éist anois

Christoph Wendler, ó Choláiste na Tríonóide.

Tá scoláireacht le Gaeilge á chur ar fáil ag Coláiste na Tríonóide. Is maoiniú dhá bhliain do Chéim Máistreachta / Intéirneacht i dTeicneolaíocht Urlabhra na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath atá i gceist.

Éist anois

Murach Mac Donncha, duine de bhainisteoirí pháirc eachtraíochta ''Eile Mental''.

Tá ceann de na páirceanna eachtraíochta is nua-aimseartha in Éirinn suite anseo i ngleoiteacht Chonamara i Leitir Gungaid sna Forbacha. Tá an pháirc eachtraíochta ''Eile Mental'' oscailte anois don phobal le beagnach mí anuas.

Éist anois

Aoife Ní Laoi, Ionad Éigeandála um Éigniú chathair na Gaillimhe.

Tá ócáid ar siúl in Ostán an Raddisson i nGaillimh anocht agus é i gceist gnóthaí neamhspleácha i nGaillimh agus mór thimpeall na cathrach a chur chun cinn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Classical Grass
    Cumadóir: Trad Arr O'Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Albaim: Myriad Media, MMCD001
    Faid: 3:01
  • Teideal: Tá An Coileach Ag Fógairt An Lae / Sixpenny Money
    Cumadóir: Trad Arr Colm Gannon
    Ceoltóir(í): Colm Gannon
    Ceoltóir(í): Colm Gannon
    Albaim: Return to Droim, Colm Gannon, TGG001
    Faid: 3:58
  • Teideal: Galway Bay / Garrykennedy Castle
    Cumadóir: Trad Arr Mccarthy
    Ceoltóir(í): Conor Mccarthy
    Ceoltóir(í): Conor Mccarthy
    Albaim: Selection Box, Twin Records Ireland, TRICD002
    Faid: 3:00

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal