Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 1 Iúil 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla le Peadar Ó Cúláin

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Ag cruinniú a bhí ag Cumann Forbartha Chois Fharraige aréir, rinneadh plé ar an easpa ionadaíochta ó thaobh na Gaeilge atá ar Bhord nua Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.

Éist anois

Michael Éinniú, ó Choiste Fhéile Mhic Dara.

Bhí imní mhór ar Choiste Fhéile Mhic Dara nach mbeifí in ann dul ar aghaidh le Féile Mhic Dara i mbliana de bharr an droch chaoi atá fágtha fós ar Chéibh an Mhása i gCarna. Ach socraíodh ag cruinniú de Choiste Fhéile Mhic Dara go ngabhfaí ar aghaidh leis an Aifreann, ar an oileán i mbliana.

Éist anois

Pádraic Pheaitín an Tailliúra Ó Conghaile, Cathaoirleach Ghlór na Tuaithe.

Tá na socruithe déanta anois leis an gcosán coisithe ó Theach Ósta An Chéibh síos chomh fada le Caladh na Muice i Ros a'Mhíl a chríochnú.

Éist anois

Áine Ní Chonghaile, úinéir an Chomhlachta Europus.

Tá cuid mhaith éilimh i gcónaí ar aistritheoirí Gaeilge san Aontas Eorpach agus aistriúchán ar cháipéisí dlí san Aontas ar ghné thábhachtach de sin. Déanann an comhlacht teanga, Europus, atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua soláthar ar chuid mhaith de na cúrsaí seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal