Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 30 Meitheamh 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair beo ó Chasla le Peadar Ó Cúláin

Éist anois

Bríd Ní Niadh, as Ros Muc & Marion Keane, as Tír na Cille.

Tháinig sé amach ansin le gairid go bhfuil tástáil déanta ar dhruga nua ar an margadh ar mhaithe le dul i ngleic leis an ngalar Fiobróis Chisteach, atá níos coitianta in iarthar na hÉireann ná mar atá sé i bpáirteanna eile den tír.

Éist anois

Pádraig Beaglach, as Gort a'Chaladh i Mionlach.

Tá innill mhóra tochailte ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar dhá thaobh abhainn an Chláir i gceantar Mhionlach, ar mhaithe le láib as íochtar na habhann a thógáil as le go mbeidh deis ag an sruth uisce a dhul amach i lár Loch Coiribe.

Éist anois

Pádraig Pheaitín a'Tailliúra Ó Conghaile, cathaoirleach Ghlór na Tuaithe.

Tá fluairíd a bheith á chur i gcórais uisce na tíre ina ábhar conspóide le riar blianta. Tá litir curtha ag cathaoirleach Ghlór na Tuaithe, chuig Comhairle Contae na Gaillimhe ag iarraidh orthu gan fluairíd a chur san uisce.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal