Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 27 Meitheamh 2014

Éist anois

Máirín Ní Nualláin, Síceolaí & Holly, Bean atá ag feastal ar an AA, a bhíodh ag ól agus atá éirithe as anois.

De réir staidéir nua a d'fhoilsigh an Bord Taighde Sláinte an tseachtain seo tá beagnach 1.4 milliún duine a ólann alcól sa tír seo ag ól an oiread sin is go bhfuil sé ag déanamh dochair dóibh, cé go gceapann 98% acu nach bhfuil siad ag baint mí-úsáid as alcól.

Éist anois

Kevin Ó Ceallaigh ó Carraroe Bouncing Castles.

Bhronn Carraroe Bouncing Castles duais bhreá ar éisteoirí an chláir seo an tseachtain seo. Chuir sé síos go bhfuil sé ag plé leis na caisleáin spraoi anois le hos cionn deich mbliana.

Éist anois

Phil Ní Dhubhghail, Iarphríomhoide i Scoil Náisiúnta na Tulaigh.

Tá Phil ar pinsean anois ach ní shin le rá go bhfuil sí díomhaoin mar go bfhuil sí ar dhuine de bheirt is fiche atá ag tabhairt faoi chúrsa nua máistreachta i gColáiste Mhuire Gan Smál, i Luimneach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Classical Grass
    Cumadóir: Trad Arr O'Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Albaim: Myriad Media, MMCD001
    Faid: 3:01
  • Teideal: Ar Eirinn Ni Neosainn Cé Hí
    Cumadóir: Trad Arr. Liam Clancy
    Ceoltóir(í): Liam Clancy
    Ceoltóir(í): Liam Clancy
    Albaim: Cois Mara Thoir sa Rinn, Meánscoil San Nioclás, MSN 001
    Faid: 3:55

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal