Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 26 Meitheamh 2014

Éist anois

Ann Kearns, as Maigh Cuilinn.

Tá an fear óg as Maigh Cuilinn, Ryan Croker a gortaíodh san Astráil, tagtha abhaile ó inné. Chuir Ann Kearns, aintín le Ryan síos ar an aistear ón Astráil agus cén chaoi a bhfuil ag éirí leis go dtí seo.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Micheál Ó Maoláin, Cathaoirleach Choiste Caomhnaithe Cladaigh & Criathraigh Chonamara & Risteárd Mac Donncha, fear gnó i gCill Chiaráin.

Is é an méid agus tiús an phíopa atá ag tógáil uisce as Loch an Óir is mó a bheadh ina údar imní a dúirt Micheál Ó Maoláin. Tá Risteárd den bharúil go bhfuil an ceantar ag brath go mór ar thionscail na feirmeoireachta éisc.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, Colúnaí.

Leabhar Sheáin Mhic Giollarnáth, ''Cúdar'' atá faoi chaibidil ag Máirtín inniu agus miniú gearr tugtha freisin agus véarsa den amhrán ''Ócam an Phríosúin''.

Éist anois

Méimí Uí Cheallaigh.

Cuirfear tús le ranganna snámha ar an Luan an 21 Iúil agus mairfidh siad go dtí an chéad lá den mhí Lúnasa. Is ar thrá an Chaoráin Bhig ar an gCeathrú Rua a bheidh na ranganna ar siúl.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Classical Grass
    Cumadóir: Trad Arr O'Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Albaim: Myriad Media, MMCD001
    Faid: 3:01
  • Teideal: Cuan Na Beirtrí Buí
    Cumadóir: Seán Ó Ceoinín
    Ceoltóir(í): John Beag Ó Flaithearta
    Ceoltóir(í): John Beag Ó Flaithearta
    Faid: 5:15

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal