Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 24 Meitheamh 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Séamus Jaimsie Ó Flatharta.

Séamus Jaimsie Ó Flatharta.

Ag cur síos faoin réiteach atá á dhéanamh don fhéile mór tumadóireachta Red Bull a bhéas ar siúl i bPoll na bPéist in Inis Mór an deireadh seachtaine seo.

Peadar Mac an Iomaire, Cathaoirleach Thearmann Éanna; Bídín Mháirtín Stiofán Uí Chualáin & An Teachta Dála Seán Kyne.

Peadar Mac an Iomaire, Cathaoirleach Thearmann Éanna; Bídín Mháirtín Stiofán Uí Chualáin & An Teachta Dála Seán Kyne.

Seoladh plean deich mbliana agus suíomh idirlín Thearmann Éanna Teo san Ionad Lae ar an Tulaigh inné. Chuir Peadar fáilte roimh an slua a bhí i láthair. Sí Bidín a sheol an suíomh nua idirlín. Sé an Teachta Dála Seán Kyne a sheol plean deich mbliana Thearmann Éanna.

Breandán Ó Tuairisg as an Lochán Beag & Ruairí Ó Néill ó Chomhar Chreidmheasa Cholm Cille.

Breandán Ó Tuairisg as an Lochán Beag & Ruairí Ó Néill ó Chomhar Chreidmheasa Cholm Cille.

Tá síneadh ama curtha leis an gcomórtas garraíodóireachta atá Comhar Chreidmheasa Cholmcille a reáchtáil agus is é an Satharn seo an dáta deiridh iontrála anois. Labhair Breandán faoi cur fátaí, mianach fátaí agus dúchán.

Bairbre Nic Dhonncha, Oifigeach Ealaíne Phléaráca.

Bairbre Nic Dhonncha, Oifigeach Ealaíne Phléaráca.

Tá Pléaráca le cúrsa samhraidh ar scríobh scripte do dhaoine óga a chur ar fáil i mí Iúil.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís