Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 20 Meitheamh 2014

Éist anois

Jim Phat Choilm Ó Fátharta, as an Tuairín & Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae.

Bhí Jim ag cur síos ar an tine sléibhe a bhí i gceantar an Tuairín agus Dhoire Fhearta oíche Dé Céadaoin.

Éist anois

Seo Linn - 'A Sky Full of Stars'

An Banna Ceoil Seo Linn ag canadh leagan den amhrán 'A Sky Full of Stars' le Coldplay beo sa stiúideo ar Iris Aniar ar maidin. Déanfaidh Coláiste Lurgan taifead ar fhíseán nua den amhrán seo anocht 20/6/2014.

Éist anois

Breandán Seoighe, Cathaoirleach Réigiúnach Chumann na bhfeirmeoirí i gConamara.

Ghlac slua mór feirmeoirí agus a lucht tacaíochta páirt san agóid a bhí ar siúl taobh amuigh d'oifigí na Roinne Talmhaíochta agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidin inné.

Éist anois

Rónán Ó Murchú, múinteoir ceoil i gColáiste Ráithín, Bré, Co. Chill Mhantáin.

Bhí an páipéar ceoil ag scoláirí na hArdteiste inné agus bhí Rónán ag tabhairt a chuid tuairimí faoin bpáipéar.

Éist anois

Paula Nic Cionnaith, Hazel Ní Chualáin, Becky Ní Éallaithe, Micheál Ó Foighil, Máirín Uí Thuairisg & Ceoltóirí Seo Linn.

Chuir Paula, ball de choiste Chlub Óige Lurgan síos ar an gcampa atá acu don chéad uair i mbliana do dhéagóirí na háite. Bhí Micheál ag cur síos ar Choláiste Lurgan agus tá Seo Linn ag taifeadadh amhrán nua de chuid Cold Play anocht. Bhí Máirín ag cur síos ar na margaí atá le fáil sna siopaí áitiúla do na mná tí.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal