Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 19 Meitheamh 2014

Éist anois

John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, cathaoirleach Choiste na mbainteoirí feamainne.

Bhí cruinniú ag coiste na mbainteoirí feamainne aréir, ar mhaithe lena gcríonnacht a dhéanamh faoi chosaint a thabhairt do lucht bainte feamainne sa taobh seo tíre.

Éist anois

Éamonn Ó Mealóid, ball de Chumann na bhFeirmeoirí i gConamara.

Tá slua mór feirmeoirí agus lucht tacaíochta leo ón taobh seo tíre ar an mbealach go Baile Átha Cliath faoi láthair le páirt a ghlacadh san agóid a bheas ar siúl taobh amuigh d'oifigí na Roinne Talmhaíochta agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar maidin.

Éist anois

Aonghus Ó hIarnáin, múinteoir Staidéar Foirgníochta; Linda Seoighe, scoláire & Cian Mac Giolla Bhríde, múinteoir eacnamaíochta.

Is iad na páipéir Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide agus an páipéar Eacnamaíochta a bhí ag scoláirí na hArdteiste inné agus bhí Aonghus agus Cian ag tabhairt a gcuid tuairimí faoi na páipéir. Rinne Linda an scrúdú Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide agus thug sí a tuairim faoin scrúdú.

Éist anois

Colman Ó Flaithearta, traenálaí le Club Dornálaíochta agus Aclaíochta Chonamara.

Tá scór as Club Dornálaíochta & Aclaíochta Chonamara ag tabhairt a n-aghaidh ar Bhoston Mheiriceá Dé Luain seo chugainn chun páirt a ghlacadh i gcomórtas idir iad féin agus dornálaithe óga Bhoston.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Classical Grass
    Cumadóir: Trad Arr O'Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Ceoltóir(í): Gerry O Connor
    Albaim: Myriad Media, MMCD001
    Faid: 3:01
  • Teideal: The Harvest Home/The Boys Of Blue Hill
    Cumadóir: Trad Arr Ó Ceannabháin
    Ceoltóir(í): Tomá Ó Ceannabháin
    Ceoltóir(í): Tomá Ó Ceannabháin
    Albaim: Fonn le Fonn, Blue Sun, SG2032
    Faid: 2:36
  • Teideal: The Woman Of The House / The Harvest Moon/The Boyne Hunt
    Cumadóir: Trad Arr Shannon Vale Céilí Band
    Ceoltóir(í): Shannon Vale Ceili Band
    Ceoltóir(í): Shannon Vale Ceili Band
    Albaim: SHANNON'S LOVELY VALE, Danny O Mahony, DOMCD003
    Faid: 3:37
  • Teideal: Molly Bawn/The New Mown Meadow
    Cumadóir: Traid
    Ceoltóir(í): Shannon Vale Ceilí Band
    Ceoltóir(í): Shannon Vale Ceilí Band
    Albaim: Shannon's Lively Vale, Danny O Mahony, DOM CD 003
    Faid: 2:01

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal