Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé hAoine 13 Meitheamh 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Caitlín Mhic Dhonncha, ón gcomhlacht ''Go West'' agus atá ina Ambasadóir ag Fáilte Éireann.

Caitlín Mhic Dhonncha, ón gcomhlacht ''Go West'' agus atá ina Ambasadóir ag Fáilte Éireann.

Tá Caitlín tar éis seachtain a chaitheamh thall i Meiriceá ag tabhairt poiblíocht go ''Bhealach an Atlantaigh Fhiáin''.

Séamus Ó Fátharta, as an Tuairín.

Séamus Ó Fátharta, as an Tuairín.

Tá triúr fear as Contae na Gaillimhe roghnaithe ina Fir Cuideachta nó Escorts do Fhéile Rós Thrá Lí na bliana seo a bheas ar siúl í mí Lúnasa. Labhair Séamus ar an mbealach gur roghnú é féin agus na fir eile mar fhir cuideachta.

Róisín Nic Leoid, múinteoir Staidéar Gnó & Seán Ó hAodha, múinteoir Ealaíne.

Róisín Nic Leoid, múinteoir Staidéar Gnó & Seán Ó hAodha, múinteoir Ealaíne.

Tá lucht na hArdteiste ag bualadh faoin bpáipéar Gearmáinise, faoin bpáipéar Laidine, faoin bpáipéar Staidéar Clasaiceach & faoin bpáipéar Staidéar Foirgníochta inniu. Bhí Staidéar Gnó agus Ealaíne acu inné agus thug Róisín agus Seán a gcuid tuairimí faoi na páipéir.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Rinne Comhlacht Forbartha an Spidéil gearán chuig an gComisinéir Teanga le gairid de bharr an leagan Béarla go Logainmneacha Gaeltachta a bhí in úsáid acu ina gcuid ábhar margaíochta.

Cian Ó Cuinn, as Leic, Leitir Móir.

Cian Ó Cuinn, as Leic, Leitir Móir.

Is é Cian a bhuach duais an lae, dhá thicéad do chluiche Rugbaí a bhronn Connacht Rugbaí orainn i gcomhair lá na n-athar.

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís