Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 12 Meitheamh 2014

Éist anois

Éamonn Ó Mealóid, ball de Chumann na bhFeiliméaraí i gConamara.

Bhí cruinniú ar bun i dTeach an Stáisiúin sa gClochán aréir le pléigh a dhéanamh ar an dréacht cháipéis atá réitithe ag an Rialtas le cur chuig na hEorpa don scéim nua feirmeoireachta GLAS atá ag tíocht in áit REPS.

Éist anois

Bronagh Ní Uallacháin, múinteoir Staire & Sinéad Nic Stiofáin, múinteoir Fraincise.

Bhí an scrúdú Fraincise agus Staire ag scoláirí na hArdteiste inné. Chuaigh Fionnuala Uí Neachtain chomh fada leis an Scoil Chuimsitheach Chiaráin tráthnóna inné agus thug roinnt de na scoláirí a gcuid tuairimí faoi na scrúdaithe. Bhí Bronagh ag caitheamh súil ar an bpáipéir Staire agus chaith Sinéad súil ar an bpáipéar Fraincise.

Éist anois

Gerry Willie Ó Fátharta, as Cois Fharraige a chaith blianta fada ag cónaí sa mBrasaíl.

Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta, mar tá Corn an Domhain sa Sacar ag tosú i gCathair Sao Paulo sa Bhrasaíl inniu agus na Cluichí Oilimpeacha le bheith i gcathair Rio de Janeiro i 2016.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal