Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 11 Meitheamh 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Beidh cruinniú ar bun i dTeach an Stáisiúin sa gClochán tráthnóna inniu le pléigh a dhéanamh ar an dréacht cháipéis atá réitithe ag an Rialtas le cur chuig na hEorpa don scéim nua feirmeoireachta GLAS atá ag tíocht in áit REPS.

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar na toghcháin áitiúil agus labhair sé ar chruinneas na Gaeilge chomh maith. Bhí an deasú i ndiaidh stoirmeacha an gheimhridh i gceist aige. Thug sé cúpla scéal as leabhar Heinrik Becker, i mBéal na Farraige dúinn freisin.

Peadar Ó Loideáin, múinteoir Gaeilge i nGairmscoil na bPiarsach & Kathy Uí Fhatharta, múinteoir Bitheolaíochta i gColáiste na Coiribe.

Peadar Ó Loideáin, múinteoir Gaeilge i nGairmscoil na bPiarsach & Kathy Uí Fhatharta, múinteoir Bitheolaíochta i gColáiste na Coiribe.

Bhí an dara páipéar Gaeilge agus an páipéar Bitheolaíocht chomh maith le Araibise ar siúl inné ag scoláirí na hArdteiste agus bhí Peadar agus Kathy ag caitheamh súl ar a dtáinig aníos ar an bpáipéar Gaeilge agus Bitheolaíochta.

Pádraic S. Ó Murchú, ó Turas Siar ar an Eachléim.

Pádraic S. Ó Murchú, ó Turas Siar ar an Eachléim.

Tá leabhar logainmneacha dar teideal 'Logainmneacha Iorrais' á sheoladh tráthnóna Dé hAoine in ionad Turas Siar.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís