Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 9 Meitheamh 2014

Éist anois

Philomena Ní Churraoin Hart, as Cill Chiaráin ó dhúchas.

Tá an tír ar fad ag caint ar thaisí na naíonán a fríothadh curtha san áit a mbíodh Áras do Mháithreacha agus do Pháistí á reáchtáil ag Siúracha an oird Bon Secours i dTuaim. Rinne Philomena cur síos ar a scéal féin, rugadh in Áras Máithreacha agus Páistí i mBaile Átha Cliath í agus uchtaíodh go Conamara í.

Éist anois

Neasa Mhic Dhonncha, múinteoir Matamaitice/Eolaíochta & Treasa Ní Choisdealbha, múinteoir Tíreolaíochta.

Tá lucht na hArdteiste ag bualadh faoin dara páipéar Matamaitice agus an chéad pháipéar Gaeilge inniu. Bhí an chéad pháipéar Matamaitice agus an páipéar Tíreolaíochta acu Dé hAoine seo caite agus tá Neasa agus Treasa ag caitheamh súil ar na páipéir.

Éist anois

Rosaleen Ní Shúilleabháin, Oifigeach Caitheamh Aimsire Tuaithe, Fórum Chonamara.

Sheol an tAire Turasóireachta & Spóirt, Michael Ring tionscnamh nua dár teideal an Bealach Gorm i gContae Mhaigh Eo an tseachtain seo caite.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal