Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 5 Meitheamh 2014

Éist anois

Aoife de Paor, múinteoir Béarla i gColáiste na Coiribe & Fionnuala Ní Ráighne, múinteoir Eacnamaíocht Bhaile i gColáiste Chroí Mhuire.

Chuir suas le 120,000 duine tús inné le scrúdú na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh. Chuaigh Fionnuala Uí Neachtain chun cainte le roinnt do scoláirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin tráthnóna inné agus iad ag tabhairt a gcuid tuairimí faoi an chéad lá de na scrudaithe. Chuir Aoife agus Fionnuala síos ar na páipéir scrudaithe.

Éist anois

Mary Seoighe, as Baile na Cille ó dhúchas.

Is mór an gceist cúrsaí imirce na laethanta seo agus gan de rogha ag an nglúin óg ach bóthar a bhualadh. Is as Baile na Cille, Leitir Mealláin anseo i gConamara do Mary Seoighe. Ta scór blianta caite aice thall sa nGearmáin.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar an scríbhneoir Henrik Becker agus a cnuasach scéalta béaloidis ''I mBéal na Farraige'' a bhailigh sé in Árainn agus i gConamara sna 30'adaí agus 40'adaí.

Éist anois

Máirín Uí Dhubhda, ealaíontóir.

Beidh Taispeántas Ealaíne á reáchtáil ag Máirín tráthnóna amárach i dTeach Ghlinsce ar mhaithe le airgead a bhailiú do Ospidéal na Leanaí i gCromghlinne.

Éist anois

Garrett Philips, aisteoir i Ros na Rún.

Dóibh siúd a bhíonn ag leanacht an clár Ros na Rún beidh an mír deireanach de séasúr 18 ar an aer anocht.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal