Iris Aniar Dé Céadaoin 4 Meitheamh 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Léiríonn taighde atá déanta ag geolaithe ó Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go bhfuil cuislí fíoruisce a d'fhéadfadh a bheith tríocha míle ar fad agus seachtú troigh ar leithead faoi ghrinneall na farraige i gcuan na Gaillimhe.
Is iomaí uair ráite é chomh fada is a chaitheann iascairí a dhul ar thóir éisc ar na saolta seo, ach ní mórán acu a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá Theas le dhul ag iascach ach sin é an áit a raibh Gabriel le gairid agus chuir sé síos ar a aistir.
Tá Comhairle Contae na Gaillimhe tar éis an Comórtas do Mhíle Órga na Gaillimhe a fhógairt agus táthar ag lorg iarratais le cur isteach ar don bhliain 2014.
Ag labhairt faoi go bhfuil an Fhéile Traidphicnic ar cheann do na féilte a bheas á reáchtáil arís sa Spidéal i mbliana ar an 5ú agus 6ú Iúil. Tá an féile ar siúl anois le trí bliana.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís