Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 23 Bealtaine 2014

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, fear anailíse toghchán.

Bhuel, tá na bothanna vótála oscailte ón seacht ar maidin agus beidh siad oscailte go dtí an deich a chlog anocht. Tá muid ag díriú inniu ar an mbealach a ndéantar an comhaireamh agus an córas a dtugtar ionadaíocht chionmhar i nGaeilge air.

Éist anois

Nioclás Ó Conchubhair, ó shiopa Crua Earraí Uí Chonchubhair i gCasla.

Beidh lá oscailte garraíodóireachta ar bun Tí Nioclás Ó Conchubhair anseo i gCasla amárach ag tosú ag a haon ndéag.

Éist anois

Micheál Ó Máille, príomhoide Scoil Naomh Briocán, Ros Muc & scoláirí rang 6 ó Scoil Bhriocáin, Ros Muc.

Tá scoil Bhriocáin, Ros Muc, ar cheann de na scoileanna atá ar ghearrliosta do Ghradam 'Irish Aid 2014' a bheas ar siúl i gcaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 17ú Meitheamh.

Éist anois

Seán Ó Coisdealbha, príomhoifigeach Mhuintearas.

Ag cur síos go bhfuair sé féin dhá chárta vótála, ceann lena ainm i nGaeilge agus ceann lena ainm i mBéarla.

Éist anois

Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Seachtain an Phortaigh, Leitir Fraic.

Tá tús a chur le Seachtain na bPortach 2014 i Leitir Fraic inniu agus leanfaidh an Fhéile ar aghaidh go dtí an Luan, an 2 Meitheamh. Tá siad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá lear mór imeachtaí beartaithe i gcomhair na seachtaine.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Larry Get Out Of The Bin
    Cumadóir: Allen/Finegan
    Ceoltóir(í): Flook
    Ceoltóir(í): Flook
    Albaim: Rubai, Flatfish, 004CD
    Faid: 3:24
  • Teideal: Tivoli Capers / Daorla
    Cumadóir: Trad Arr C. O Gráda
    Ceoltóir(í): Raw Bar Collective
    Ceoltóir(í): Raw Bar Collective
    Albaim: Millhouse Measures, Raw Bar Collective, RBC001
    Faid: 3:02

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal