Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 22 Bealtaine 2014

Éist anois

Peadar Ó Cúláin; Tomás Ó Curraoin; Micheál Ó Maoláin & Pádraig Phat Willie Ó Gríofa.

Bhí slua dhá chéad go leith nó mar sin i láthair aréir, ag léiriú a gcuid tacaíochta don chonraitheoir a stopadh ag baint mhóna ar phortaigh i gCnoc ar Easair an tseachtain seo caite, nuair a thosaigh sé ar ais ag baint mhóna ansin aréir.

Éist anois

Tríona Nic Giolla Choille, Domestic Violence Response na Gaillimhe & Margaret Ó Riada, ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe.

Is é inniu lá Naomh Rita Éarlamh an Naoimh do mhná a ndéantar foréigean orthu. Tá an eagraíocht DVR nó Domestic Violence Response i gcomhpháirtíocht le Gluaiseacht lucht siúil na Gaillimhe ag eagrú searmanais i séipéal na nAibhistíneach i nGaillimh ag meánlae inniu.

Éist anois

Liam Ó Droma, fiaclóir.

Ag cur síos ar implants (ionchlannán fiacla) ar maidin agus an t-ábhar a úsáidtear iontu agus an bealach a ndéantar é.

Éist anois

Kevin Ó hEadhra, ón gcomhlacht Independent Brewing.

Ag tús na bliana seo cuireadh tús le grúdlann ar an gCeathrú Rua, áit a bhfuil beoir faoi leith á thairgeadh agus tá an bheoir anois le fáil go háitiúil i roinnt mhaith siopaí agus tithe tábhairne i gceantar Chonamara, i nGaillimh agus go deimhin ar fud na tíre.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal