Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 13 Bealtaine 2014

Éist anois

Peadar Ó Cúláin, ár dtuairisceoir; Breandán Ó Tuairisc, as an Lochán Beag & Paula Nic Cionnaith.

Deichniúr de na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar Chonamara a bhí i láthair ag cruinniú poiblí a d'eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige aréir le deis a thabhairt don phobal aithne a chur ar na hiarrthóirí agus ceisteanna a chur orthu.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Tá díomá agus cumha ar Mháirtín ó chuala sé go bhfuil a chomrádaí Seosamh Ó Cuaig ag éirí as cúrsaí polaitíochta. Tá sé ag insint píosa eile as leabhar Heinrich Becker.

Éist anois

Marianne Ní Chinnéide, riarthóir Aonad na dTaibh-Ealaíon in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá scéim á tairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an chéad cheann dá sórt sa tír seo ina dtabharfar pointí breise do mhac léinn má tá cumas maith sna healaíona cruthaitheacha acu.

Éist anois

Maighréad Ní Chualáin, ón gcompántas drámaíochta Blue Teapot Theatre Company i nGaillimh.

Níl ach go dtí Dé Luain seo chugainn ag an gcompántas drámaíochta Blue Teapot Theatre Company i nGaillimh, le dhá mhíle dhéag euro a bheith bailithe acu le léiriú a chur ar an stáitse ag Féile Ealaíne na Gaillimhe i mbliana.

Éist anois

Risteard Ó Domhnaill, Stiúrthóir Scannán & Máirtín Éanna Ó Conghaile, iascaire.

Tá Risteard i mbun taifeadadh ar chlár faoi láthair dar teideal 'Atlantic', clár ina ndírítear ar iascairí ó thrí phobal difriúil san Iorua, Talamh an Éisc agus Éirinn agus a bhreathnaíonn ar na hacmhainní nádúrtha atá againn trí shúile iascairí.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal