Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 9 Bealtaine 2014

Éist anois

Liam Ó Cualáin, pluiméir agus fear gnó.

Tá clamhsáin go leor á ndéanamh ag daoine as ceantar Chonamara faoi athnuachan a gcuid ceadúnas tiomána ó baineadh an cúram sin den Chomhairle Contae.

Éist anois

Dara Ó Maoilchiaráin, Muireann Ní Dhroighneáin, Éanna Ó Coileáin, MacDara Ó Curraoin, Orla Ní Dhuinshléibhe.

Beidh ceolchoirm san oíche amárach i Seapoint, Bóthar na Trá ag a gcasfar ceol nuachumtha le James Ross atá ina chumadóir cónaitheach le Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil na Gaillimhe.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar a sheanchara Séamus Mulligan a d'imigh ar shlí na fírinne ag deireadh Mí Aibreán. Labhair sé chomh maith ar Joe Steve Ó Neachtain agus é ag tréaslú a bhallraíocht in Aosdána leis. Bhain sé píosa chomh maith as an leabhar seanchais ''I mBéal na Farraige'' le Heinrich Becker.

Éist anois

Treasa Uí Chartúir, ball de choiste siúlóid cuimhneachán Joe Kelly & Fionnuala Uí Neachtain, ár dtuairisceoir.

Beidh eagraíocht CROÍ na Gaillimhe ag déanamh tástálacha saor in aisce don phobal ar an gCeathrú Rua Dé Luain seo chugainn. Bhí Treasa ag cur síos ar Shiúlóid Joe Kelly a bhíonn ar siúl go bliantúil.

Éist anois

Adam McEvoy, ón eagraíocht 'Pieta House'.

Léiríonn staitisticí scanrúla le gairid ón eagraíocht Pieta House go bhfuil líon na bhfear agus na ndaoine óga atá ag cur lámh ina mbás féin sa tír seo níos airde ná riamh.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal