Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 8 Bealtaine 2014

Éist anois

Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Óige na Gaeltachta.

Thug Óige na Gaeltachta le fios i ráiteas a d'eisigh siad inné gur cúis díomá dóibh gur aontaigh Bord Údarás na Gaeltachta leis an moladh atá déanta sa staidéar a rinne na comhairleoirí Gilroy Gannon, clár oibre agus foireann Óige na Gaeltachta a aistriú go Muintearas.

Éist anois

Seán Ó Drisceoil, Aodán Mac Donncha, John Bhaba Jeaic Ó Conghaile & Johnny Shéamuis Ó Conghaile.

Tá go dtí Dé hAoine seo chugainn ag an bpobal le haighneachtaí faoi dhréachtphlean forbartha Chontae na Gaillimhe don chúig bliana amach romhainn a chur chun bealaigh. Tá súil caite ag an bpainéal ar an dréachtphlean agus thug siad a gcuid tuairimí faoi.

Éist anois

Caroline Ní Chonaire, buaiteoir Chorn Joe Éinniú & Máire Uí Dhroighneáin, amhránaí.

Is í Caroline a bhuaigh Corn Joe Éinniú ag an bhféile a bhí ar siúl i gCarna ag an deireadh seachtaine agus is í buaiteoir Chorn Pheaitsí Uí Cheannabháin ag Éigse an Spidéil í freisin cúpla seachtain ó shin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal