Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 2 Bealtaine 2014

Éist anois

Micheál Ó Cuaig, eagraí Fhéile Chomórtha Joe Éinniú & Tomás Mac Con Iomaire, iarcheannaire Raidió na Gaeltachta.

Bhí Micheál ag cur síos ar Fhéile Joe Éinniú agus na himeachtaí a bheidh ar siúl le linn na féile. Chuir Tomás síos ar shochraid Joe Éinniú tríocha bliain ó shin, agus nuair a tugadh a chorp anall as Meiriceá.

Éist anois

Proinsias Mac Aonghusa & Joe Éinniú, RIP.

Sa bpíosa seo chuala muid Joe ag cur síos ar an gcéad uair a chas sé amhrán go poiblí, ba ag feis i gCarna a dúirt sé an t-amhrán sa mbliain 1940. Sa mbliain 1973 a rinne sé an comhrá le Proinsias.

Éist anois

Seán Ó hÉanaigh, mac le deartháir Joe; Máire Uí Mhaoilchiaráin, iníon le deartháir Joe & Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha.

Chuir siad ar fad síos ar an aithne a bhí acu féin ar Joe Éinniú. Is lena dheartháir Máirtín is mó a bhíodh sé ag fanacht nuair a thagadh sé abhaile ar cuairt. Chas Bairbre Uí Mhaoilchiaráin, Bríd Ní Mhaoilchiaráin agus Máire Mhic Craith ''Amhrán Mhaighinse''.

Éist anois

Joe Pheadair Uí Laoi, comharsa le Joe Éinniú, RIP & Micheál de Mórdha.

Bhí Joe Pheadair Uí Laoi ag cur síos do Mhicheál ar Joe Éinniú nuair a bhásaigh sé i 1984. Chuir sé síos chomh maith ar thraidisiún amhránaíochta an cheantair.

Éist anois

Seán Mac Donnacha, Aird Thoir; Mairéad Uí Chuaig & gasúir ardranganna Scoil na hÁirde.

Tá Seán beagnach 98 bliain d'aois agus bhí sé sa seomra ranga céanna le Joe Éinniú i Scoil na hAirde Thiar. Chuala muid an t-amhrán ''An Caisleán Gearr'' le gasúir ardranganna Scoil na hÁirde.

Éist anois

Caitríona Ní Cheannabháin; Séamus Ó Coincheannain, Riarthóir Áras Shorcha Ní Ghuairim; Joe John Mac an Iomaire, & Micheál Ó Cuaig.

Bhí Caitríona agus Joe John ag cur síos ar an sean-nós i gceantar Iorras Aithneach. Chuir Séamus síos ar chartlann luachmhar Joe Éinniú atá san Áras. Chas Caitríona an t-amhrán ''Tá mo chleamhnas déanta ó arú aréir''. Chas Joe John cúpla vérsa don amhrán ''Bean an Leanna''. D'aithris Micheál dán a chum sé lá ar cuireadh Joe Éinniú.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal