Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 29 Aibreán 2014

Éist anois

Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta agus cumarsáide.

Tá ar a laghad ocht gcinn déag de bhailte beaga agus de bhailte fearainn i gceantar Chonamara theas, chomh maith le trí oileán Árann agus Inis Bó Finne ar liosta na gceantar a mbeidh buntáiste acu ar an ngréasán leathanbhanda ar ardluas a d'fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Pat Rabbitte Dé hAoine seo caite.

Éist anois

Máirín Uí Chomáin, scríbhneoir, cócaire agus láithreoir teilifíse.

Táthar ag tuar go mbeidh daoine ag teacht ó chéin is ó chongar chomh fada le Crosaire na Tulaí in aice le Rinn Mhaoile an deireadh seachtaine seo d'fhéile Diúilicíní Chonamara a bheas ar siúl ansin.

Éist anois

Cóilín Ó Gabháin, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Chomórtas Peile na Gaeltachta Mhaigh Cuilinn.

Ag cur síos ar chomórtas Peile na Gaeltachta a bhíos ar siúl i Maigh Cuilinn anseo i gConamara i mbliaina.  Is é seo an chéad uair riamh an comórtas náisiúnta a bheith ar bun i Maigh Cuilinn.

Éist anois

Bríd Bn Uí Chonghaile, ó Choiste an Chailín Ghaelaigh i Maigh Cuilinn.

Tá comórtas áitiúil an Chailín Ghaelaigh ar siúl i Maigh Cuilinn an deireadh seachtaine seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal