Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 28 Aibreán 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Tá sé ráite ag Páirtí Shinn Féin anseo i gConamara nach bhfuil a ndóthain suime á chur i dréacht phlean forbartha an Chontae ag an bpobal. Chuir Trevor Ó Clochartaigh síos ar dhréacht phlean an Chontae.

Éist anois

Pádraic Pheaitín a'Tailliúra Ó Conghaile, ó Ghlór na Tuaithe.

Tá sé i gceist ag Glór na Tuaithe dul i mbun agóide ag Áras an Chontae amárach de bharr an truailliú atá déanta ar chóras uisce poiblí an Chlocháin.

Éist anois

Micheál Ó Clochartaigh, úinéir Óstán Chuan Charna; Kathleen Bn Uí Dhubháin, leaschisteoir ''Katie Born to Run'' & Éamonn Ó Cualáin, Sónta.

Tá Micheál tar éis trí mharaton a rith i dtrí seachtaine ar mhaithe le feachtas ''Katie Born to Run'', ar cheann acu sin rith sé maratón Bhoston Dé Luain seo caite. Is í iníon Kathleen, Róisín Ní Dhubháin a d'eagraigh imeachtaí don fheachtas i mBoston. Tá Éamonn ag obair ar chlár faisnéise faoi Katie agus an feachtas faoi láthair.

Éist anois

Áine Uí Almhain & Gráinne Ní Chonghaile ó Chomharchumann Inis Oírr & Martina Moloney, Bainisteoir Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Rinneadh ceiliúradh in Inis Oírr Dé hAoine ar na gradaim LIVCOM a thug an t-oileán leo anall as an tSín i dtús mhí na Nollag seo caite.

Éist anois

Barry Ó Fátharta, cathaoirleach Coiste Pobail Ros a'Mhíl.

Tá roinnt mhaith gearrán faighte ag Coiste Pobail Ros a'Mhíl faoin mbóthar a théann chomh fada le céibh Bhaile an tSléibhe.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal