Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 25 Aibreán 2014

Éist anois

Barry Ó Coisdealbha, Óige na Gaeltachta & Pádraic Ó Conaire, ón scéim Oiliúna Peil do Chumann Luath Chleas Gael na Gaillimhe.

Beidh Comórtas Peile seachtar an taobh faoi sheacht mbliana déag na Gaeltachta do bhuachaillí agus cailíní ar siúl anseo i gConamara an deireadh seachtaine seo.

Éist anois

Pádraic Ó Coincheanainn, as Inis Meáin.

Bhuel, ní é chuile dhuine atá in ann a rá go raibh siad ar an sliabh is airde sa domhan, ach tá sin le rá ag Pádraig agus chuir sé síos ar an aistir.

Éist anois

Deirdre Uí Chonghaile, Niamh Ní Chonghaile, Stiofán Ó Conghaile as Leic, Leitir Móir & Bríd Mhic Dhonnacha, gruagaire.

Tá Niamh tar éis dhá orlach déag dhá cuid gruaige a bhearradh ar mhaithe le Ospidéal na Leanaí i gCromghline.

Éist anois

Pádraig Ó Máille, as Cladhnach & Briocán Bairéad, as Ros Dubh.

Tá Pádraig agus Briocán istigh sa Raidió ar thaithí oibre ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoi láthair. Tá an bheirt acu tar éis diploma sa nGaeilge agus scileanna ríomhaireacht a dhéanamh san Acadamh.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal