Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 18 Aibreán 2014

Éist anois

Liam Ó Cualáin, pluiméir & Tomás Mac Pháidín, Stiúrthóir Scoileanna le Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

Cuireann Liam seirbhís phluiméireachta ar fáil do Oileáin Árann agus dúirt sé go mbeadh sé dodhéanta acu a gcuid oibre a dhéanamh á gcuirfí deireadh le seirbhís Aer Árann. Dúirt Tomás go mbeadh cúrsaí oideachais in Árainn an-bhuailte mur mbeadh an tseirbhís aeir ann rud a chuirfeadh tuilleadh costais ar an stát.
Éist anois

An tAthair Eddie Bheartla Ó Conghaile, Sagart Thír an Fhia & Ciarán Ó Fátharta.

Tá an tAthair Eddie Bheartla ag cur síos ar ghnásanna agus nósanna a bhaineann le Aoine an Chéasta san am a caitheadh sa bpíosa cainte seo a rinne sé le Ciarán Ó Fátharta ar Aoine an Chéasta 17 Aibreán 2003.
Éist anois

An tAthair Fiontán Ó Monacháin, rúnaí Ard Dheoise Thuama.

Bhí an tAthair Fiontán ag tabhairt eolais ar roinnt de na searmanais eaglasta a bhíonn ar siúl ag an tráth seo bliana. Beidh an tAthair Fiontán i Máméan inniu ag searmanas na páise.
Éist anois

Pádraig Ó hAilín, oibrí deonach le AWARE.

Is í seo an mhí ina bhfuil aird á dhíriú ar an mbealach is fearr le strus a bhainistiú. Oibríonn AWARE go laethúil le daoine atá faoi strus agus in ísle brí.
Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Bhí Máirtín ag cur síos ar an oíche ómóis a bhí sa Taibhdhearc Déardaoin seo caite do Johnny Chóil Mhaidhc. Bhí sé ag tabhairt tuilleadh de sheanchas Thomáis Láighléis inniu freisin.
Éist anois

Eileen Nic Dhonncha.

Bhí Eileen ag tabhairt eolais faoi cén chaoi iasc a réiteach ar bhealaí difriúla.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal