Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 17 Aibreán 2014

Éist anois

Peadar Ó Cualáin, ár dtuairisceoir; Tarlach de Blácam, Micheál Ó Ceallaigh & Donnchadha Mac Fhionnlaoich.

Bhí Peadar i láthair ag an bpreasócáid a bhí i mBaile Átha Cliath inné, ócáid a d'eagraigh an coiste a cuireadh ar bun leis an tseirbhís aeir go hoileáin Árann a chosaint.
Éist anois

Liam Ó Droma, fiaclóir sa Spidéal.

Is mairg don té nach mbreathnaíonn amach in am dá gcuid fiacla nó a gcuirtear drochbhail ar a ndrad de bharr timpistí nó eile. Ach ní shin le rá nach féidir cóir fiaclóireachta a chur ar fáil dóibh cosúil leis na ceanna bréige ar a dtugtar implants agus d'inis Liam dúinn faoin tseirbhís a chuireann sé féin ar fáil.
Éist anois

Ruth Ní Shiadhail, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Gaeilge Locha Riach.

Bhí Ruth ag cur síos ar na comharthaí a chroch Comhairle Contae na Gaillimhe ar an mbaile inné ag fógairt páirceáil saor in aisce ar an mbaile le linn shaoire na Cásca agus is i mBéarla amháin atá siad.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal