Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 16 Aibreán 2014

Éist anois

Máire Uí Ghiobúin.

Bhí Máire Uí Ghiobúin ón ngrúpa ''Conamara in aghaidh Muilte Gaoithe'' ag an slogadh mór a bhí i mBaile Átha Cliath inné ag cur in aghaidh muilte gaoithe agus crainnte leictreachais.
Éist anois

Trevor Ó Clochartaigh.

Beidh cruinniú faoi chearta bainte feamainne ar bun in óstán an Talbot i mBéal a'Mhuirthead ag a 7 a'chlog amárach.
Éist anois

Mícheál Antaine Ó Catháin.

D'fhreastal sé ar chruinniú Comhchoiste Oireachtais ar chúrsaí Talmhaíochta, Bia agus Mara inné. Bhí siad ag plé an scéim cúiteamh a fógraíodh do na hiascairí agus an caillteanas a bhí ar dhaoine sa tionscail le linn na drochaimsire.
Éist anois

Liam Ó Conaire, Iar Oifigeach de chuid Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe & Martin Enright, Birdwatch Ireland.

Trathnóna aréir b'éigean fios a chur ar chúig aonad den bhriogáid dóiteáin go Bóthar Loch an Iorla de bharr tinte criathraigh. Cuireann Liam síos ar cé chomh contúirteach is atá sé a bheith ag lasadh criathraigh. Cuireann Martin síos ar an dochar a dhéanann tinte do na héanacha.
Éist anois

Louise Ní Fhiannachta, Darach Ó Dubháin & Bridín Nic Dhonncha.

Tá an gearrscannán 'Rubaí' a bhfuil an phríomhpháirt ag cailín beag as Indreabhán ann roghnaithe le bheith páirteach sa bhféile idirnáisiúnta scannán Tribeca i Nua Eabhrach an deireadh seachtaine seo. Tá Darach agus Brídín páirteach ann freisin. Sí Louise stiúrthóir an scannáin.
Éist anois

Ruairí Ó Néill, Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta.

Cuireann Ruairí síos ar dhá chomórtas atá Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta ag reáchtáil faoi láthair.
Éist anois

Mairéad Ní Ghallchóir.

Tá ceardlann i nDeallbhóireacht Gairdín ar siúl ar Inis Oírr ar an 25, 26 & 27ú Aibreán.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal