Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Máirt 15 Aibreán 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Micheál Ó Cinnéide, Iar Ollamh Tír Eolais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Thug coiste de chuid na Náisiún Aontaithe le fios nach féidir cúrsaí téamh domhanda agus athrú aeráide a chur ar an méar fhada ar an lá céanna a d'fhógair an Rialtas nach mbeifí ag dul chun cinn leis an easpórtáil fuinneamh inathnuaite ó cheantar lár tíre.

Micheál Mac Donnchadha, Oifigeach Faisnéise Saoránaigh.

Labhair Micheál faoin scéim deontais SUSI, labhair sé faoi na scéimeanna deontais atá ar fáil do mhic léinn bhreis oideachais agus ardoideachais.

Áine Ní Éalaí.

Thug an clár faisnéise a choimisiúnaigh TG4 duais leis ag Féile na Meán Ceilteach 2014 le gairid. Bronnadh an Torc don chlár spóirt is fearr ar an gclár 'Croí Trodach'. Tugann an clár seo léargas ar shaol agus ar eachtraí Johnny Kilbane, dornálaí de bhunadh Acla, a rugadh i gCleveland na Stát Aontaithe in 1889.

Máirtín Ó Catháin, Iriseoir.

Tá iarracht mhór ar bun ar an mbóthar ó thuaidh, an N59 le fáil réidh le comharthaí a thaispeánann cá bhfuil óstáin agus lucht leaba agus bricfeasta.

Paddy McGrath agus Róisín Ní Dhubháin as Quincy i mBostún agus Micheál Ó Clochartaigh as Carna.

Bliain is an lá inniu a phléasc an dá bhuama a mharaigh triúr agus a ghortaigh 260 duine ag maratón Bhostún. Labhair Paddy faoi na hócáidí cuimhneacháin a bheas ar bun i mBostún inniu. Labhair Róisín faoin oíche mhór atá á heagrú Satharn Cásca do Choiste Tacaíochta Katie O'Halloran. Beidh Micheál ag glacadh páirte i maratón Bhostún.

Darina Nic an Iomaire, Príomh Oide Gaelscoil Mhic Amhlaigh.

Labhair Darina faoin bhfeachtas bailiúchán airgid atá á eagrú do Ryan Croker, fear óg as ceantar Mhaigh Cuilinn ó dhúchas atá fós go dona tinn san Astráil tar éis timpiste i linn snámha ansin.

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís