Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Luain 14 Aibreán 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Is cosúil go mbeidh cuid mhaith den samhradh caite sula ndéanfaidh an Roinn Comhshaoil aon chinneadh faoi cheadúnais do lucht bainte feamainne. Ar ábhar eile, labhair Éamon faoin mbaol atá ann go gcaillfidh scoileanna beaga le beirt oidí múinteoir amháin i mí Mheán Fómhair de bharr ciorraithe rialtais.

Donncha Ó hÉallaithe.

Labhair Donncha faoi chruinniú cinn bhliana Chumann Forbartha Chois Fharraige a bhí ar bun san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Dé hAoine seo caite.

Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Labhair Máirín faoin mbealach a chothaíonn muid muid féin agus ár bpearsantacht trí áilleacht. Labhair sí faoin mbealach a dtéann áilleacht i gcion ar dhuine agus na buntáistí atá le háilleacht don duine.

Seosamh Mac Donncha ó Dhámh na nDán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh lá oscailte do dhaltaí Ardteiste a bheas ag dul ag coláiste i mí Mheán Fómhair seo chugainn ar siúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i rith saoire na Cásca.

Rónán Ó Flatharta, Eoin Ó Conghaile, Jamie Murray, Levy O Brien ón mbanna ceoil 'Rofi James'.

Bhuaigh an banna ceoil 'Rofi James' an comórtas iRocks a bhí ar siúl ag iRadio le gairid agus beidh siad ag lainseáil a gcéad EP ar an 25 Aibreán. Labhair Rónán agus Eoin ar an fhad atá an banna ceoil le chéile agus ar an stíl ceoil atá acu.

Treasa Ní Cheannabháin.

Beidh cultúr na hÉireann agus na Palaistíne ag teacht le chéile i nGaillimh san oíche amárach. Beidh na damhsóirí óga 'Lajee' as an bPalaistín ar stáitse i Monroe's i nGaillimh san oíche amárach.

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís