Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 11 Aibreán 2014

Éist anois

Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire.

Is é inniu an lá deireanach den chéad chuairt Stáit ag Uachtarán na hÉireann ar an Ríocht Aontaithe. Chaith Áine súil siar ar thuras an Uachtaráin.
Éist anois

Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir teilifíse & Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann.

Chuala muid cúpla focal don óráid a thug Uachtarán na hÉireann agus chuala muid blaiseadh beag den cheol a bhí le cloisteáil ag ócáid na hoíche aréir sa Royal Albert Hall. Bhí Bláthnaid i láthair ag an gceolchoirm 'Ceiliúradh' sa Royal Albert Hall aréir agus chuir sí síos ar an oíche do Pheadar.
Éist anois

Robert Clancy & Johnny Seoige, ón gcomhlacht Tesco & Bríd Ní Chonghóile, ardfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge.

Is ar ollmhargadh Tesco a bronnadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag bronnadh ghradam Ghaillimh le Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá aréir.
Éist anois

Caoimhe Ní Chonghaile, ó Choláiste Chroí Mhuire, sa Spidéal.

Tá Caoimhe ag freastal ar Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus tá sí linn ar thaithí oibre le seachtain.
Éist anois

Lillis Ó Laoire, as Gort a Choirce & Eilís Ní Shúilleabháin, as Cúil Aodha.

Tá oíche mhór amhránaíochta ar an sean-nós le bheith anocht i dTaibhdhearc na Gaillimhe, mar chuid den Fhéile Cúirt atá faoi lánseoil ó Dé Máirt seo caite. Beidh scoth na bhfonnadóirí i láthair, ina measc Lilis, Eilís agus Peadar Ó Ceannabháin as Iorras Aithneach.
Éist anois

Cóilín Ó Scolaí, Léiritheoir Sraithe ''Ros na Rún''.

Tá sobaldhráma TG4 'Ros na Rún', sa tóir ar aisteoirí nua Gaeilge. Má tá cúpla focal agat agus suim agat a bheith i d'aisteoir, anois do sheans a bheith páirteach i gceann de na sraitheanna drámaíochta is mó a bhfuil tóir uirthi in Éirinn.
Éist anois

Micheál Ó Marcacháin, Captaen Chumann Rámhaíochta Choláiste na Coiribe.

Beidh oscailt oifigiúil Chumann Rámhaíochta Choláiste na Coiribe ar siúl amárach agus le linn na hócáide déanfar seoladh ar bhád nua an chumainn ''Fuinneamh na Coiribe''.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal