Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 10 Aibreán 2014

Éist anois

John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, cathaoirleach an choiste nuabhunaithe do lucht feamainne sa taobh seo tíre.

Chas ionadaithe ón gcoiste nuabhunaithe do lucht feamainne sa taobh tíre seo, leis an dochtúir Stefan Krann ón gcomhlacht táirgí feamainne, OCEANA ORGANIC PRODUCTS tráthnóna inné. Chuir John síos do Mhairéad ar mar a d'éirigh leis an gcruinniú sin.
Éist anois

Marcus Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua, atá ag cur faoi i Wembley, Londain le os cionn leathchéad bliain.

Is é inniu an tríú lá den chuairt stairiúil stáit ag Uachtarán na hÉireann ar Shasana agus tá lá gnóthach amach roimhe. Beidh fáiltiú tráthnóna i gCaisleán Windsor agus téama Thuaisceart na hÉireann leis. Chuir Marcus síos do Mhairéad ar an athrú atá tagtha ar shaol na nÉireannach i Sasana le leathchéad bliain.
Éist anois

Bridget, Naoise, & Síofra Barker, as Leitir Móir na Coille & Máirín Nic Con Iomaire, ár dtuairisceoir.

Chuaigh Máirín Nic Con Iomaire go Leitir Móir na Coille agus labhair sí le Bridget agus Naoise agus chur siad síos ar an litir a fuair Naoise ó Bhanríon Shasana mar fhreagra ar chuireadh a chuir sé chuici le castáil leis féin agus a mhuintir nuair a bheidh siad i Londain aimsir na Cásca. Tá uathachas ag dul do Naoise.
Éist anois

Gearóid Willie Ó Fátharta, cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Cuirfear athruithe atá molta a dhéanamh ar Chumann Forbartha Chois Fharraige os comhair a gcruinniú cinn bhliana san oíche amárach a bheidh ar siúl san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, ag a 8 a'chlog.
Éist anois

Tarlach de Blácam, ó Choiste Oileáin Árann le Seirbhís Aeir a choinneáil.

Tabharfar eolas ar thorthaí an staidéir socheacnamaíoch atá déanta ar sheirbhís Aer Árann go trí oileán Árann, ag ócáid i mBaile Átha Cliath Dé Ceadaoin seo chugainn.
Éist anois

Nioclás Ó Conchubhair, úinéir crua earraí ''Uí Chonchubhair'' anseo i gCasla.

Beidh lá eolais ar siúl thoir i siopa crua-earraí Nioclás Uí Chonchubhair anseo i gCasla amárach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal