Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 8 Aibreán 2014

Éist anois

Maitiú Ó Fátharta, as an gCloch Mór ó dhúchas & Neasa Ní Chualáin, ár dtuairisceoir.

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn agus a bhean Sabina ag cur tús lena gcuairt ar Shasana ar maidin. Tá Neasa Ní Chualáin í féin ag leanúint na cuairte agus labhair lé le Maitiú, fear óg as an gCloch Mhór, Baile na hAbhann atá thall i Sasana le trí bliana.
Éist anois

An Dr. Séamus Ó Beirn, mír sláinte.

Is ag caint ar easpa féinmhuiníne agus na fadhbanna a bhaineann leis, atá an Dr. Ó Beirn inniu.
Éist anois

Cóilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir & John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, as Fornais.

Léirigh lucht bainte feamainne míshástacht ag cruinniú i Ros Muc aréir faoi go mbeadh aon chaint ar chúrsaí ceadúnas sna cladaí a raibh siad féin agus a muintir rompu, ag baint fheamainne iontu leis na cianta.
Éist anois

Pádraic Breathnach, léiritheoir Féile Cúirt.

Is inniu atá tús á chur le Féile Cúirt na bliana seo agus leanfaidh sí go Domhnach agus chuir Pádraic síos ar na himeachtaí ar fad atá le bheith ar siúl agus ócáidí ar siúl i gConamara agus cathair na Gaillimhe.
Éist anois

Tadhg Ó Conghaile, bainisteoir réigiúnach Chonnacht/Laighean Údarás na Gaeltachta.

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Forum Chonamara Teo ag eagrú seimineár eolais faoi chúrsaí oideachais agus traenála i gceantar Chonamara, ar an gCeathrú Rua amárach.
Éist anois

Dara Ó Maoilchiaráin, Príomhoide Scoil Phobail Mhic Dara, Carna.

Tá muintir Scoil Phobail Mhic Dara uilig ag déanamh gan a gcuid carranna inniu agus chuile dhuine ag tarraingt ar an scoil de shiúl na gcos nó ar rothar. Chuir Dara síos ar an fáth a bhfuil siad á dhéanamh seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal