Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 7 Aibreán 2014

Éist anois

Peadar Ó Cúláin, Léiritheoir; Maidhc Ó Curraoin; John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, as Fornais.

Bhí 100 duine nó mar sin i láthair ag cruinniú poiblí i Spórtlann Mhichael Mhóir ar an Máimín aréir mar gheall ar an imní atá ar lucht bainte feamainne faoin gceadúnas atá an comhlacht Arramara a iarraidh.
Éist anois

Pádraig de Bhaldraithe, ó Ghrúpa Lucht Faire na Míolta Móra.

Fuarthas fearas ar an gcladach i bhFornais i Leitir Mealláin an tseachtain seo caite. Fearas é seo a bhí greamaithe de mhíol mór agus a bhí in ann eolas a chur ar ais go dtí satailít sular scaoil sé.
Éist anois

John Beag Ó Flatharta, amhránaí agus ceoltóir; Máirín Mhic Lochlainn, aisteoir & Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, aisteoir agus colunaí.

Beidh oíche ómóis don fhile agus don drámadóir Johnny Chóil Mhaidhc, go ndéanfadh Dia grásta air, i dTaibhdhearc na Gaillimhe tráthnóna Déardaoin seo chugainn.
Éist anois

Cormac Ó hEadhra, láithreoir Cormac @5.

Bhí Féile na Meán Ceilteach ar siúl i St. Ives sa Chorn an tseachtain seo caite agus is ar Chormac a bronnadh gradam Láithreoir Raidió na Bliana.
Éist anois

Seán Denvir, ó Chumann Peile Mhicheál Breathnach.

Tá feachtas bailiúchán airgid á reáchtáil ag CLG Chumann Micheál Breathnach faoi láthair. Beidh siad ag eagrú comórtais dar teideal 'Strictly Club Dancing', áit a mbeidh ocht ngrúpa san iomaíocht chun an chéad áit a bhaint amach agus chuir Seán síos do Mhairéad céard go díreach atá i gceist leis.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal